From the recording Grian is Gealach
Joe Sharkey, Words and Music by Joe F Sharkey (c)2011
Lyrics
Tar liom a stór go rachaidh muid
Ar siúlóid deas na maidine
Go bpiocfaimid na nóiníní
Is iad go fóill faoi dhrucht geal
Is deanfar slabhraí fada chaol
Fhad s’tá an ghrian in airde réim
Is nuair a thiocas deireadh lae
Pillfidh muid na bhaile
Ní dóigh liom a stór mo chroí
Gur chóir dúinn siúil i dtús a’ lae
Le nóiníní a bhaileadh nuair
Nach bhfuil siad ach ag muscailt
Mar tá féim mhór orthu fás aníos
Le thaispeaint dúinn a áilleacht fíor
‘S má scioptar iad ró luath ‘na shaol
Ní shroisfidh siad iomláine
Ach tcítear domh gur in óige
A mhaireann milseacht doighiúlacht
‘S má fhantar seal tá cinnteacht ann
Go gcaillfear smior na lúbachta
‘S is le teas na gréine titfidh sí
Is imóidh a chumhrán leí
Gan blas nó boladh fiú le rá
Is ionannas le tada
An gceapann tú a óganaigh
Go stadann scéimh le theacht an aois
Ach glac do am go bfeicfidh tú
An áilleacht tá san aibíocht
Mar fhásann bláth an tsamhraidh te
A mhaireann fríd an fhómhair donn
Ag scaoileadh torthaí lán is reidh
Tabhairt beathadh fad a’ gheimhridh
JoeF Sharkey (c) 2011